Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú

Micreamhaoiniú agus Maoiniú Fiontair Shóisialta (EaSI)



Tacaíonn an tAontas Eorpach le micrifhiontair agus le fiontair shóisialta trí ionstraimí airgeadais a chuireann clár InvestEU agus Clár an Aontais um Fhostaíocht agus um Nuálaíocht Shóisialta (EaSI) ar fáil.

Is iad cuspóirí na tacaíochta ón Aontas i leith micreamhaoiniú agus maoiniú fiontair shóisialta cruthú post agus cuimsiú sóisialta a chur chun cinn tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • Tuilleadh micreamhaoinithe a bheith ar fáil do mhicrifhiontair agus do ghrúpaí leochaileacha ar mian leo gnó a bhunú nó a fhorbairt, sin agus cur leis an rochtain ar an maoiniú sin.
  • Tacú le forbairt na bhfiontar sóisialta, go háirithe trí rochtain ar mhaoiniú a éascú.
  • Cumas institiúideach soláthraithe micrichreidmheasa agus soláthraithe airgeadais fiontar sóisialta a fhorbairt trí thacaíocht chomhairleach agus trí chúnamh teicniúil.

Micrifhiontair nó fiontair shóisialta ar spéis leo maoiniú inaisíoctha, is féidir leo iarratas a dhéanamh go díreach trí idirghabhálaithe airgeadais roghnaithe a fhaigheann tacaíocht ón Aontas.

Maoiniú agus cúnamh teicniúil

Ciste InvestEU

Le linn chlárthréimhse 2021-2027, slógfaidh Ciste InvestEU níos mó ná €372 bhilliún d’infheistíocht phoiblí agus phríobháideach trí ráthaíocht bhuiséadach an Aontais dar luach €26.2 billiún.

Cuirtear an ráthaíocht sin a fhaigheann tacaíocht ón Aontas chun feidhme trí ‘chomhpháirtithe cur chun feidhme’ InvestEU amhail Grúpa BEI (an Banc Eorpach Infheistíochta), institiúidí airgeadais idirnáisiúnta agus bainc náisiúnta le haghaidh spreagadh.

Leithdháilfear thart ar €2.8 billiún den ráthaíocht ar infheistíochtaí sóisialta agus ar scileanna sóisialta go dtí 2027, infheistíochtaí i micreamhaoiniú agus i maoiniú fiontair shóisialta ina measc.

Tá tuilleadh eolais faoi na táirgí airgeadais a thairgtear le haghaidh micreamhaoinithe agus maoiniú fiontair shóisialta le fáil ar leathanaigh ghréasáin chomhpháirtithe cur chun feidhme InvestEU: CEI agus CEB.

I gcás institiúidí agus banc micreamhaoiniúcháin, is réamhriachtanas é Cód na hEorpa um Dhea-Iompar maidir le Soláthar Micrichreidmheasa a shíniú nó a fhormhuiniú faoi seach agus tairbhe á baint as tacaíocht ón Aontas faoin gclár InvestEU, agus faoi ionstraimí airgeadais EaSI.

Tá tuilleadh eolais faoi InvestEU ar leathanach gréasáin InvestEU agus ar Thairseach an Gheilleagair Shóisialta.

Mol Comhairleach InvestEU

Cuireann Mol Comhairleach InvestEU tacaíocht chomhairleach agus cúnamh teicniúil ar fáil do thionscnóirí tionscadail agus d’idirghabhálaithe. Tá tacaíocht ar fáil trí phointe iontrála lárnach ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh anseo

Tá tacaíocht chomhairleach do sholáthraithe micreamhaoinithe agus airgeadais fiontair shóisialta ar fáil tríd an mBanc Eorpach Infheistíochta agus trí Bhanc Forbartha Chomhairle na hEorpa araon.

Cúnamh Teicniúil le haghaidh Airgeadas um Chuimsiú Sóisialta — SIFTA

Is snáithe speisialta é Cúnamh Teicniúil le haghaidh Airgeadas um Chuimsiú Sóisialta (SIFTA) faoi Mhol Comhairleach InvestEU a thacaíonn le soláthraithe micreamhaoiniúcháin agus airgeadais fiontair shóisialta. Tá sé ag cur leis an rath a bhí ar Chúnamh Teicniúil EaSI.

Trí SIFTA agus príomh-chomhpháirtí comhairleach InvestEU, an Banc Eorpach Infheistíochta, tá seirbhísí fothaithe acmhainneachta spriocdhírithe á gcur ar fáil ag an Aontas le haghaidh micreamhaoiniúcháin agus soláthraithe airgeadais fiontair shóisialta in go leor foirmeacha.

Ina measc tá oiliúintí saincheaptha, ceardlanna, malartuithe idir piaraí agus cuairteanna staidéir, chomh maith le rátálacha, measúnuithe agus meastóireachtaí ar chomhlíontacht Chód na hEorpa um Dhea-Iompar maidir le Soláthar Micrichreidmheasa.

Ais Mhicreamhaoiniúcháin agus Fiontraíocht Shóisialta Chlár an Aontais um Fhostaíocht agus Nuálaíocht Shóisialta - EaSI (2014-2020)

Ionstraim maoiniúcháin ar leibhéal an Aontais Eorpaigh le linn na tréimhse maoinithe 2014-2020 ba ea an Clár um Fhostaíocht agus um Nuálaíocht Shóisialta (EaSI) lenar cothaíodh fostaíocht inbhuanaithe ar ardcháilíocht, lenar cinntíodh go raibh an chosaint shóisialta oiriúnach agus cóir, lena ndeachthas i ngleic le heisiamh sóisialta agus leis an mbochtaineacht agus lenar feabhsaíodh dálaí oibre.

I measc na dtrí ionstraim airgeadais EaSI chun tacú le micreamhaoiniú agus fiontraíocht shóisialta, tá maoiniú tríd an Ionstraim arna Maoiniú ag EaSI fós ar fáil ar shuíomh gréasáin CEI. Ní ghlacann ionstraimí Ráthaíochta EaSI agus ionstraimí Fothaithe Acmhainneachta EaSI le hiarratais nua a thuilleadh.

Rinneadh snáithe faoi Chiste Sóisialta na hEorpa (CSE+) de Chlár 2014-2020 EaSI le linn na tréimhse reatha 2021 – 2027. Ina ionad sin, leantar d’ionstraimí airgeadais an Aontais chun tacú le micreamhaoiniú agus maoiniú fiontair shóisialta faoin gclár InvestEU.

Ionstraim arna maoiniú ag EaSI

Is ciste iasachta €200 milliún í an Ionstraim arna maoiniú ag EaSI. Cuirtear iasachtaí sinsearacha agus fo-iasachtaí ar fáil léi d’institiúidí micreamhaoiniúcháin agus d’iasachtóirí fiontair shóisialta chun borradh a chur faoi lean-iasachtú le micrifhiontair agus le fiontair shóisialta. 

Is é is aidhm don ionstraim arna maoiniú ag EaSI rochtain níos fearr ar airgeadas a thabhairt do mhicrifhiontair, daoine féinfhostaithe agus iad siúd a fhostaíonn daoine leochaileacha ina measc, chomh maith le fiontair shóisialta, chun tacú le cruthú post agus leis an gcuimsiú sóisialta.

Is comhpháirtíocht idir an tAontas Eorpach, an Banc Eorpach Infheistíochta agus an Ciste Eorpach Infheistíochta é an ciste iasachta. Roghnaíodh an Ciste Eorpach Infheistíochta mar bhainisteoir an chiste.

Ráthaíocht EaSI

Tacaíodh le 113 sholáthraí micreamhaoiniúcháin agus soláthraí airgeadais fiontair shóisialta faoi ráthaíocht EaSI le buiséad foriomlán €130 milliún (€90 milliún le haghaidh micreamhaoiniúcháin agus €40 milliún le haghaidh maoiniú fiontair shóisialta).  

Chuir an Ráthaíocht ar chumas soláthraithe micrichreidmheasa agus soláthraithe airgeadais fiontair shóisialta maoiniú a thairiscint d’fhiontraithe, rud nach mbeadh ar a gcumas a dhéanamh murach sin, de dheasca na rioscaí atá ag gabháil leis.

Roghnaigh an Coimisiún an Ciste Eorpach Infheistíochta ar an eintiteas iontaobhais a chuirfeadh Ráthaíocht EaSI chun feidhme.

Acmhainní EaSI a fhorbairt

An Ionstraim um Fhorbairt Acmhainní EaSI, ag a bhfuil buiséad foriomlán €45 mhilliún, arb é is aidhm di cur le hacmhainneacht institiúideach idirghabhálaithe airgeadais roghnaithe nach raibh inbhuanaitheacht bainte amach acu go fóill nó a raibh caipiteal riosca de dhíth orthu chun a bhfás agus a bhforbairt a chothú. Chumhdaigh sí an cothromas, agus i gcásanna eisceachtúla, chumhdaigh sí iasachtaí chomh maith.

Roghnaigh an Coimisiún an Ciste Eorpach Infheistíochta ar an eintiteas iontaobhais a chuirfeadh an Fhuinneog Infheistíochtaí chun Acmhainní EaSI a fhorbairt chun feidhme.

Cúnamh Teicniúil EaSI (2014-2020)

Chuir Cúnamh Teicniúil EaSI tacaíocht ar fáil d’idirghabhálaithe airgeadais poiblí agus príobháideacha atá gníomhach sna hearnálacha micreamhaoiniúcháin agus maoinithe fiontar sóisialta san Eoraip.

Chumhdaigh na seirbhísí raon leathan gníomhaíochtaí a bhí dírithe ar fhothú acmhainneachta agus ar mhalartú dea-chleachtas a chothú agus é mar aidhm leo rochtain ar mhaoiniú a fheabhsú agus éiceachóras Eorpach inbhuanaithe micreamhaoiniúcháin agus maoinithe fiontar sóisialta a fhorbairt.

I measc na seirbhísí sin bhí oiliúint a cuireadh in oiriúint do riachtanais shonracha na n-idirghabhálaithe, oiliúint idir piaraí, cuairteanna staidéir agus ceardlanna, measúnuithe institiúideacha, oiliúint maidir le hullmhacht infheistíochta, Deasc Chabhrach thiomnaithe, agus – do sholáthraithe micrichreidmheasa – seisiúin oiliúna agus meastóireachtaí comhlíontachta maidir le Cód na hEorpa um Dhea-Iompar maidir le Soláthar Micrichreidmheasa.

An leathanach seo a chomhroinnt: