Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú

Digitiú i gcomhthéacs chomhordú na slándála sóisialta

In 2021 bhí timpeall 16 mhilliún saoránach AE/CSTE ina gcónaí i dtír eile de chuid an Aontais nó de chuid CSTE agus rinneadh beagnach 100 milliún turas turasóireachta chuig Ballstát eile de chuid an Aontais.

Tá rialacha ann faoi chomhordú na gcóras slándála sóisialta chun do chearta ar shlándáil shóisialta a chosaint agus tú ag bogadh laistigh den Eoraip. Tá nuachóiriú á dhéanamh ar na rialacha sin.

Leis an digitiú, is féidir comhordú na gcóras slándála sóisialta a fheabhsú tuilleadh agus tacú le soghluaisteacht chothrom an lucht saothair.

Sin é an fáth ar chuir an Coimisiún Teachtaireacht i láthair ina raibh cuspóirí maidir leis an digitiú sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma.

Cén fáth a bhfuil an digitiú tábhachtach?

Is iomaí buntáiste a bhaineann le níos mó uirlisí digiteacha a úsáid ar mhaithe le comhordú na gcóras slándála sóisialta. Mar shampla, bíonn na tionchair seo a leanas aige:

  • laghdaíonn sé an t-ualach riaracháin agus na costais do dhaoine a bhogann go tír eile nó a bhfuil gnó á reáchtáil acu inti
  • cuireann sé feabhas ar cháilíocht na seirbhísí poiblí agus déanann sé próisis maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta níos tapúla
  • cuidíonn sé le hinstitiúidí eolas a chomhroinnt agus oibriú le chéile ar bhealach níos fearr trí chomhroinnt sonraí agus uathoibriú feabhsaithe
  • laghdaíonn sé an baol go dtarlóidh earráidí nó calaois slándála sóisialta, úsáid doiciméad brionnaithe san áireamh, agus ar an gcaoi sin, treisíonn sé cosaint oibrithe agus soghluaisteacht chothrom an lucht saothair

An sprioc maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta a dhigitiú, tá sí ag teacht le cuspóirí chlár beartais na hEorpa don ‘Deacáid Dhigiteach’, arb é is aidhm dó seirbhísí poiblí a athrú ó bhonn, malartú eolais trasteorann a chur chun cinn agus idirghníomhaíochtaí leis an bpobal a shimpliú.

Tionscnaimh dhigiteacha sa réimse seo

Le rialacha an Aontais maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta, iarrtar ar na Ballstáit úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí digiteacha chun sonraí slándála sóisialta a rochtain, a phróiseáil agus a mhalartú. Spreagann siad tíortha freisin chun a chinntiú go bhfuil na seirbhísí do dhaoine a fheidhmíonn a gceart chun gluaiseacht faoi shaoirse ar fud an Aontais éasca le húsáid.

Tá Ballstáit an Aontais agus an Coimisiún ag obair faoi láthair ar dhá phríomhthionscnamh sa réimse sin:

1. É a dhéanamh níos éasca d’institiúidí slándála sóisialta eolas a chomhroinnt agus oibriú le chéile

Tá an Córas um Malartú Leictreonach Faisnéise Slándála Sóisialta (EESSI) ag cuidiú le hinstitiúidí slándála sóisialta chun eolas a chomhroinnt ar fud na hEorpa. Ciallaíonn sin go bhfuil institiúidí náisiúnta in ann éilimh slándála sóisialta a phróiseáil (e.g. le haghaidh sochar dífhostaíochta, sochar cúraim sláinte, sochar teaghlaigh agus pinsean) níos tapúla agus níos sláine.

2. Idirghníomhaíochtaí leis an bpobal, le gnólachtaí, le hinstitiúidí slándála sóisialta agus le comhlachtaí poiblí eile a shimpliú

Faoin tionscnamh ‘Pas Eorpach Slándála Sóisialta’, sheol an Coimisiún tionscadal píolótach chun féachaint an bhféadfaí teidlíochtaí slándála sóisialta na saoránach a fhíorú go digiteach thar theorainneacha.

Ceisteanna agus Freagraí

Seo a leanas gach eolas is gá a bheith agat faoi chomhordú na gcóras slándála sóisialta a dhigitiú.

An leathanach seo a chomhroinnt: