This site has been archived on 18/07/2014
18/07/2014

Cosán nascleanúna

Tionscal agus fiontraíocht

Rochtain ar mhaoiniú

Bunús chumas iomaíochta na bhfiontar beag agus meánmhéide

Tá airgead de dhíth ar ghnólachtaí sa chaoi chéanna is atá uisce de dhíth ar dhaoine. Mura bhfuil fáil ag gnólachtaí - go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) - ar mhaoiniú, is é an bás atá i ndán dóibh. Seo atá ag tarlú de dheasca na géarchéime i limistéar an euro.

Mar gheall ar an ngéarchor creidmheasa atá i neart tíortha san Aontas Eorpach, is deacair do na mílte gnólachtaí infheistíocht a dhéanamh, bheith i mbun nuálaíochta agus fiú billí seirbhísí bunúsacha a íoc. D'imigh an dé as go leor gnólachtaí sláintiúla de dheasca easpa creidmheasa. Tá neart eile i mbaol.

Ní féidir cur suas leis seo, go háirithe mar gur buntaca gheilleagar na hEorpa iad na 23 milliún FBM atá san AE agus go gcuireann siad go mór le fostaíocht. Tá an Coimisiún Eorpach tiomanta an sreabhadh creidmheasa chuig FBManna a chur ag feidhmiú go cuí arís.

Ní foláir na bainc a spreagadh le maoiniú a chur ar fáil do FBManna. Sa bhreis ar sholáthar caipitil ar rátaí ísle úis ón mBanc Infheistíochta Eorpach, tá an AE ag laghdú ar dhéine na gceanglas caipitil d'iasachtaí bainc a thugtar dóibh. Dá bhrí sin, ní bheidh ar na bainc an méid céanna caipitil rialaithigh a chur i gcúlchistí nuair a thabharfaidh siad iasachtaí do FBManna, agus beidh siad sásta iasachtaí a thabhairt níos minice dá bhrí sin.

Tá an Coimisiún freisin ag breathnú ar fhoinsí eile maoinithe do FBManna, agus ar mhalairt roghanna ar na gnáthmhodhanna baincéireachta. Tá sé mar aidhm ag an gCoimisiún margadh fíor-Eorpach a bhunú do chaipiteal fiontair a chuirfidh maoiniú cothromais ar fáil do ghnólachtaí beaga agus do chomhlachtaí nuathionscanta. Má bhaintear na bacainní atá ann cheana, d'fhéadfadh caipiteal fiontair a bheith ina fhoinse luachmhar maoinithe do FBManna. Tacaímid freisin le FBManna liostú ar an stocmhalartán, agus féachaimid go mbíonn an deis ag gnólachtaí beaga bannaí a eisiúint (mar a dhéanann gnólachtaí níos mó).

Úsáidfear níos mó de bhuiséad an AE le FBManna a mhaoiniú freisin. I gcreatchlár an AE um thaighde agus um nuálaíocht, Fís 2020, cuimsítear maoiniú le haghaidh ráthaíochtaí creidmheasa do FBManna nuálaíocha agus d'fhiontair mheánchaipitilithe. Cuirfidh COSME, an clár atá dírithe ar chumas iomaíochta FBManna a fheabhsú, 60% dá bhuiséad ar fáil chun tacú le FBManna rochtain a fháil ar mhaoiniú, i.e. thart ar €1.4 billiún idir ráthaíochtaí iasachtaí agus tacaíocht do chaipiteal fiontair. Bainfidh beagnach 40 000 comhlacht tairbhe as sin in aghaidh na bliana. Trí bhíthin breis oibríochtaí creidmheasa, cuirfidh an Banc Infheistíochta Eorpach leis an éifeacht ghiarála.

"Deacracht do na FBManna i gcónaí is ea rochtain a fháil ar mhaoiniú agus tá baint aige sin leis an gcor chun donais reatha atá a leanúint ar aghaidh. Dá bhrí sin, tá sé i gceist againn idirghabhálaithe airgeadais a thugann iasachtaí do FBManna a áireamh faoi na ráthaíochtaí iasachtaí. Gach euro a chuirtear i dtreo ráthaíochta, tá sé d'acmhainn ann 30 euro ar an meán a chothú in iasachtaí bainc. Tá an méid sin ríthábhachtach chun inneall cothaithe post na hEorpa, sin le rá na fiontair bheaga, a chur ag obair go rianúil arís."

Tuilleadh eolais

Nuashonrú is déanaí: 18/07/2014 |  Barr