Uirlisí inrochtaineachta
Uirlisí seirbhíse
Roghnóir teanga
Cosán nascleanúna
Uirlisí breise
Faigh tuilleadh eolais faoi gach ball den dara Coimisiún Barroso agus faoina gcuid cúraimí.
Coláiste de Choimisinéirí na 28 ball, lena n-áirítear an tUachtarán agus na leasuachtaráin, atá sa Choimisiún. Is iad na Coimisinéirí, duine amháin as gach ballstát, ceannairí polaitiúla an Choimisiúin le linn a dtéarma cúig bliana. Sannann an tUachtarán freagracht as réimse beartais ar leith ar gach Coimisinéir.
Tagraíonn an téarma 'Coimisiún' ní amháin do 'choláiste' na gCoimisinéirí ach don státseirbhís a thacaíonn leo chomh maith, agus tá a bhformhór siúd lonnaithe sa Bhruiséil. Tá oifig ('ionadaíocht') ag an gCoimisiún i ngach tír AE, leis.