This site has been archived on 03/11/2014
03/11/2014

Cosán nascleanúna

Mo thosaíochtaí beartais

 

Mar Choimisinéir um Oideachas, um Chultúr, um Ilteangachas agus um Óige, díreofar i mo thosaíochtaí ar limistéir inar féidir linn difríocht a dhéanamh i saol na ndaoine agus cur le hEoraip níos fearr.

Tá ról lárnach  ag oideachas agus oiliúint mar chuid den straitéis 'Eoraip 2020' ag an gCoimisiún do gheilleagar iomaíoch, glas agus cobhsaí.Leanann mo thosaíochtaí na treoirlínte beartais ginearálta ag an gCoimisiún do na 5 bliana amach romhainn.

 

  • Ag cur feabhais ar scileanna agus rochtain ar oideachas agus oiliúint, ag díriú isteach ar riachtanais an mhargaidh.
  • ag méadú soghluaisteachta foghlama agus deiseanna do dhaoine óga
  • ag cothú léiriúcháin chultúrthaagus cruthaitheachta do gach éinne,

 

Mo thosaíochtaí beartais

 

Mar Choimisinéir um Oideachas, um Chultúr, um Ilteangachas agus um Óige, díreofar i mo thosaíochtaí ar limistéir inar féidir linn difríocht a dhéanamh i saol na ndaoine agus cur le hEoraip níos fearr.

Tá ról lárnach ag oideachas agus oiliúint mar chuid den straitéis 'Eoraip 2020' ag an gCoimisiún do gheilleagar iomaíoch, glas agus inbhuanaithe.   Leanann mo thosaíochtaí na treoirlínte beartais ginearálta ag an gCoimisiún do na 5 bliana amach romhainn.

 

  • Ag cur feabhais ar scileanna agus rochtain ar oideachas agus oiliúint, ag díriú isteach ar riachtanais an mhargaidh.
  • ag méadú soghluaisteachta foghlama agus deiseanna do dhaoine óga
  • ag cothú léiriúcháin chultúrtha agus cruthaitheachta do chách. 

 

Oideachas

 

Tá gá le feabhsuithe in oideachas, taighde agus nuáil chun:

  • cabhrú leis an Eoraip dul in iomaíocht timpeall na cruinne
  • an óige a réiteach do mhargadh fostaíochta an lae inniu
  • aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí na géarchéime geilleagraí.

Caithfidh dul chun cinn tosú leis na daltaí is óige, go háirithe trí fheabhas ar oiliúint múinteoirí – is iad na múinteoirí fós is príomhthoisc le rath páiste sa saol. Feabhsóidh caighdeáin níos airde an luach intreach ag oideachas leanaí.

 

Cabhróimid go gníomhach:

  • leis an duine as seisear a fhágann an scoil go luath
  • leis an duine as cúigear i measc na ndaoine cúig bliana déag d'aois le lagscileanna léitheoireachta
  • leis an 80 milliún daoine a mhaireann le scileanna ísle nó bunúsacha.

 

Spreagfaidh mé beartais chun luathfhágáil na scoile a laghdú agus déanfaidh mé tograí le haghaidh tagarmharcáil a neartú chun beartais ar infhostaitheacht, soghluaisteacht foghlama agus foghlaim teanga a fheabhsú.

 

ardoideachas ríthábhachtach chomh maith chun leibhéil scileanna a ardú. In ainneoin an fhíor-dhul chun cinn atá déanta trí leasuithe ardoideachais Bologna , is beag ceann dár n-ollscoileanna ar chomhchéim leis na cinn is fearr ar domhan. Ní mór dúinn níos mó a dhéanamh chun a chinntú gurb amhlaidh a bheidh.

 

Tá sé ar intinn agam oibriú chun ardoideachas a fhuinneamhú agus a nuachóiriú, ag déanamh rogha ceann scríbe den Eoraip do dhaltaí agus taighdeoirí tríd an:

 

Cabhróimid leis an EIT a bheith mar eiseamláir do thodhchaí eolasbhunaithe Eorpach. Neartóidh Scéim Marie Curie iarrachtaí chun na Limistéir Eorpacha d'Ardoideachas agus Taighde a thabhairt le chéile ionas go ngluaisfidh faisnéis – agus na taighdeoirí agus daltaí a ghineann í – faoi shaoirse thar theorainneacha, ag spreagadh na nuála ar fud na hEorpa.

 

D'éirigh go maith le clár Erasmus , ach ba mhaith liom níos mó a dhéanamh chun é a chur chun cinn trí chistiú agus mianach a fheabhsú.Táimid fós i bhfad ónár sprioc 3 mhilliún daltaí ar Erasmus faoi 2012 agus tá rannpháirtíocht ag maolú i dtrian de na tíortha lena mbaineann.

 

Erasmus Mundus, a thacaíonn le malartuithe idir institiúidí acadúla idirnáisiúnta agus san AE, ina eiseamláir d'imeascadh agus de thógáil droichead ar fud an domhain.  Cuirfidh mé é chun cinn i gcéin is i gcóngar chun infheictheacht dhomanda an ardoideachais san AE a fheabhsú.

 

Chun é seo go léir a chur i bhfeidhm, oibreoidh mé go dlúth le húdaráis náisiúnta, ag mapáil amach cur chuige comónta do dhúshláin chomhpháirteacha, bunaithe ar dhea-chleachtas agus tagarmharcáil. Déanfaidh mé iarracht chomh maith níos mó acmhainní AE a fháil don obair seo.

 

Mar a léiríonn cláir AE, tá soghluaisteacht foghlama an-éifeachtach ag feabhsú scileanna (teangacha san áireamh) agus infhostaitheacht agus ag oscailt aigní daoine do chultúir eile. Is é m'aidhm ná creatlach le haghaidh an tionscnaimh 'An Óige ag Bogadh' a bhunú sa samhradh 2010 agus clár a mholadh dó chomh luath agus is féidir.  Cuirifdh sé seo le héagsúlacht chultúrtha, le comhphlé idirchultúrtha agus foghlaim teangacha.

 

Cultúr

Oibreoidh mé do chomhshaol a chabhródh le cruthaitheacht, nuáil agus léiriú cultúrtha. Spreagfaidh mé ár dtionscail chultúrtha agus chruthaitheacha (arb ionann iad is 2.6% d'OTI na hEorpa) chun níos mó nuála agus fáis a spreagadh. Cabhróidh Páipéar Uaine in 2010 linn díriú isteach ar ghníomh Eorpach agus náisiúnta sa limistéar seo.

 

Cuirfidh mé togra i láthair go luath le haghaidh lipeid oidhreachta Eorpaigh , ag tabhairt infheictheachta do shuímh a sheasann d'idéil Eorpacha, chun comh-fhéiniúlacht is comh-mhuintearas Eorpach a chothú.

 

Tá sé i gceist agam cur le rath an chláir MEDIA , a chabhraíonn chun an cultúr Eorpach a shoilsiú go domhanda trí tháirgeadh agus dháileadh na scannán Eorpach  a mhaoiniú  agus tacú leis an oiliúint lena mbaineann. Tá sé mar aidhm againn tionscal ceannais sa domhan a chothú, a chruthaíonn poist agus fás. Tabharfaidh mé aird faoi leith chomh maith ar an tionchar atá ag teicneolaíochtaí digiteacha ar an bpictiúrlann.

 

Maidir le cóipcheart, breathnóidh mé go dlúth le mo chomh-choimisinéirí ar an gclár digiteach nua chun an chothromaíocht idir rochtain níos leithne ar chultúr agus luach saothair cóir d'ealaíontóirí (ríthábhachtach d'éagsúlacht chultúrtha) a aimsiú.
Níos leithne ná sin, ba mhaith liom tosaíochtaí cultúrtha a ionchorpú i mbeartais eile an AE.

 

Ilteangachas

 

Cabhraíonn foghlaim agus úsáid teangacha linn go gairmiúil agus go sóisialta, ag oscailt aigní daoine don éagsúlacht chultúrtha is cuid dhílis de mhaoin an AE. Caithfimid tacaíocht a thabhairt ní hamháin do 23 teanga oifigiúil an AE ach do na 60 teanga réigiúnach agus mionlaigh.

 

Beidh tacú lefoghlaim teangacha ó aois óg ar mo phríomhchúraimí.   Is cuspóir dúinn go mbeadh gach saoránach de chuid an AE a bheith in ann 2 theanga iasachta ar a laghad a labhairt, chomh maith lena theanga féin.Feabhsaíonn eolas ar theangacha ionchais fostaíochta, cumarsáid agus tuiscint, laistigh den Eoraip agus lasmuigh di.

Óige


Tá faoi bheartais óige an AE ionchais athraitheacha na hóige a chomhlíonadh agus tacú leo chun a gcion a dhéanamh ar son na sochaí.   Tá sainchlár do dhaoine óga ar a dtugtar an Óige i mbun Gnímh a thacaíonn leis na beartais sin, is a bhfuil faoi: 

  • Braistint den tsaoránacht Eorpach ghníomhach is de chaoinfhulaingt a spreagadh i measc na n-óg
  • Páirt  a thabhairt dóibh i múnlú daonlathach an AE feasta.

Leanfad orm ag  tacú leis an bhfoghlaim neamhfhoirmiúil is leis an gcomhphlé idirchultúrtha i measc óige na hEorpa, fara cuimsiú na n-óg uile, go háirithe iadsan ó chúlra gan phribhléidí. 

Tá fúm díriú ar dhaoine óga a spreagadh chun dul chun cónaithe is chun oibre i dtíortha eile, chun deis a thabhairt dóibh a réimsí spéiseanna a leathnú, rud a chabhróidh leo chun poist a fháil. 

 

Spórt

 

B'fhéidir nach cuid de theideal mo phoist an spórt ach breathnaím air mar chuid thábhachtach de mo chúram. Ba mhaith liom an leas iomlán a bhaint as na cumhachtaí AE nua faoi Chonradh Liospóin maidir leis an spórt. Baineann tábhacht ollmhór le spórt don oideachas, oiliúint, imeascadh sóisialta agus sláinte. Tá tionchar geilleagrach tábhachtach aige freisin.

Oibreoidh mé go dlúth le heagrais ghairmiúla is amaitéaracha chun a chinntiú:

  • go gcothómid cothrom na Féinne
  • go gcomhraicimid i gcoinne dópála
  • go gcosnaímid luthchleasaithe óga – idir amaitéarach is ghairmiúil
  • go gcomhraicimid i gcoinne ciníochais agus foréigin
  • go gcothaímid spórt an phobail agus spórt amaitéarach do chách ar feadh an tsaoil, ionas go mbeidh stíl shláintiúil mhaireachtála ag Eorpaigh ó réamhscoil go seanaois.

 

I gcáil phearsanta...

Ar nós a lán Eorpach, tá tuairimí paiseanta agam faoi oideachas, cultúr, teangacha, óige agus spórt.

Sin an chúis go mbeidh mé ag éisteacht go cúramach leis na páirtithe leasmhara uile ag luathchéim den cheapadh beartais. Is i gcomhar le chéile a bhainfimid amach torthaí níos ionadaíche, níos inchreidte agus níos nithiúla.

 

Androulla Vassiliou

 

Rud le rá agat faoi na tosaíochtaí sin?

Fiosruithe preasa is ó na meáin eile

Nuashonrú is déanaí: 24/11/2014 |  Barr