Cé dó an maoiniú?
 
 

Ní mór do na hÚdaráis Bhainistithe eolas faoi na tairbhithe go léir a bhaineann tairbhe dhíreach as an mBeartas Eorpach ar Chomhtháthú a fhoilsiú sna Ballstáit de réir na rialacha a rialaíonn forfheidhmiú na gcistí 2007-2013 (Uimh. CE 1828/2006). Ní mór ainm an tairbhí, ainmneacha na n-oibríochtaí agus an méid maoiniú poiblí a leithdhálfar ar na hoibríochtaí a bheith san eolas seo. Tá naisc sa léarscáil chuig liostaí tairbhithe CSE atá ar fáil ar na suímh ghréasáin faoi seach sna Ballstáit. Tabhair faoi deara le do thoil gur “Obair ar Láimh” atá san eolas thíos agus beidh an t-eolas sin á thabhairt cothrom le dáta ar bhonn leanúnach de réir mar a bheidh eolas á fháil ag an gCoimisiún ó na Ballstáit. Má tá a thuilleadh eolais ag teastáil uait níl le déanamh ach dul i dteagmháil le esf@ec.europa.eu

 

Fógra Tábhachtach: Tá an leathanach gréasáin seo á chothabháil ag an gCoimisiún Eorpach chun cuidiú leis an bpobal teacht a bheith acu ar eolas. Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil na naisc seo á rialú ag na Ballstáit agus ag Údaráis Bhainistithe an Aontais Eorpaigh agus nach bhfuil siad á rialú ag seirbhísí an Choimisiúin. Is iad na Ballstáit amháin agus na hÚdaráis Bhainistithe lena mbaineann atá freagrach as ábhar na suíomh seo. Bunaítear liosta na nasc ar an suíomh gréasáin seo ar eolas a sholáthraíonn na Ballstáit. Ní gá gur liosta uileghabhálach an liosta. D’fhéadfadh go mbeadh difríocht mhór ó Bhallstát go Ballstát idir an líon tuairiscithe a dhéanfaí agus an líon sonraí a thabharfaí chomh maith leis an gcaoi ina gcuirfí an t-eolas i láthair ar na suímh ghréasáin. Ní féidir leis an gCoimisiún Eorpach, dá réir sin, ráthaíocht a thabhairt maidir le cruinneas ná iomláine na sonraí ná an eolais a sholáthraítear, ná ní ghlacfaidh sé freagracht ná dliteanas as úsáid ar bith a bhainfí astu sin.