Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú

05/12/2019
An tÚdarás Eorpach Saothair

An tÚdarás Eorpach Saothair

Tá soghluaisteacht lucht saothair ag méadú go leanúnach san Eoraip, agus tá breis is 17 milliún saoránach Eorpach anois ag obair i mBallstát eile. Tá sé riachtanach go bhfuil oibrithe agus fostóirí in ann tairbhe a bhaint as margadh aonair an Aontais Eorpaigh go cothrom agus go mbeadh a fhios acu cá bhfuil faisnéis faoina gcearta agus oibleagáidí le fáil. Dá réir sin, tá an tÚdarás Eorpach Saothair bunaithe ag an Aontas Eorpach, comhlacht nua a dhíreoidh ar shoghluaisteacht thrasteorann lucht saothair. Tugtar forléagas gairid ar an Údarás sa bhileog bheag seo, agus mínítear an chúis a bhí le bunú an Údaráis, na príomhchuspóirí, agus an obair a dhéanfar chun na cuspóirí seo a chomhlíonadh.

Catalóg N. : HP-01-19-724-GA-N

Ar fáil ar shuíomh  EU Publications

An leathanach seo a chomhroinnt: