Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú

Meastóireacht & Measúnú Tionchair

© Shutterstock



Déanann an Coimisiún measúnú agus meastóireacht ar a bheartais agus ar a chistí uile, i réimse na fostaíochta, na scileanna, na ngnóthaí sóisialta agus an chuimsithe san áireamh. Leanann an obair seo na prionsabail agus na treoirlínte maidir le Rialáil Níos Fearr.

Measúnú ar thionscnaimh nua

I gcás tionscnaimh nua, déanann an Coimisiún measúnú ar na tionchair chomhshaoil, shóisialta agus eacnamaíocha a mheastar a bheidh ann.

San áireamh sa mheasúnú sin go háirithe tá tionchair ar an bhfostaíocht agus ar dhálaí oibre, cosaint shóisialta agus cuimsiú sóisialta, scileanna, agus sláinte agus sábháilteacht ag an obair (féach Caibidil 3 den Bhosca Uirlisí um Rialáil Níos Fearr).

Tá ról ar leith ag ionadaithe na bainistíochta agus an lucht saothair – comhpháirtithe sóisialta – sa phróiseas measúnaithe tionchair. Téitear i gcomhairle leo maidir le haon tionscnamh Eorpach sóisialta nua a bhaineann le reachtaíocht beartais sóisialta trí nós imeachta comhairliúcháin éigeantach dhá chéim.

Meastóireacht ar bheartais agus ar chistí atá i bhfeidhm cheana féin

I gcás beartais agus cistí atá i bhfeidhm cheana, déanann an Coimisiún meastóireacht ar a mhéid a d’éirigh le hidirghabháil an Aontais Eorpaigh agus molann sé feabhsuithe i gcás inar gá (féach Caibidil 6 den Bhosca Uirlisí um Rialáil Níos Fearr).

Cuireann an Coimisiún treoraíocht agus tacaíocht ar fáil do na Ballstáit chomh maith maidir le monatóireacht agus meastóireacht a dhéanamh ar Chiste Sóisialta na hEorpa (CSE+) agus ar an gCiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí (FEAD) ar an leibhéal náisiúnta.

Cinntíonn an méid sin go mbíonn na sonraí comhsheasmhach agus inchomparáide, agus cuidíonn sé leis na Ballstáit anailís ardcháilíochta, sonraí monatóireachta agus meastóireachtaí a chur ar fáil.

Cloisimis uait!

Ba mhaith le AS EMPL do thuairimí a fháil maidir lena beartais, lena cistí agus leis na tionscnaimh atá á bhforbairt faoi láthair. Comhroinn do thuairimí ar an tairseach ‘Cloisimis uait’.

Tuilleadh eolais

Tá meastóireachtaí agus measúnuithe tionchair uile an Choimisiúin i réimse na fostaíochta, na ngnóthaí sóisialta agus an chuimsithe ar fáil sa rannán ‘Doiciméid Bhainteacha’ thíos.

Tá gach staidéar atá curtha amach ar conradh ag an gCoimisiún chun tacú leis na meastóireachtaí agus na measúnuithe tionchair sin ar fáil i gcatalóg na bhfoilseachán.

An leathanach seo a chomhroinnt: