Colún Eorpach na gCeart Sóisialta agus a 20 prionsabal
Is leis an 20 croíphrionsabal i gColún na gCeart Sóisialta a leagtar amach an bealach i dtreo Eoraip láidir shóisialta atá cothrom, ionchuimsitheach, lán deiseanna.
Tá roinnt gníomhaíochtaí curtha i láthair ag an gCoimisiún cheana féin atá bunaithe ar phrionsabail an Cholúin, agus tá gníomhaíochtaí breise beartaithe chun cearta sóisialta a neartú a thuilleadh san Aontas.
Le Plean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, tá tionscnaimh nithiúla leagtha amach ag an gCoimisiún chun Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a fhíorú. Is obair chomhroinnte de chuid Institiúidí an Aontais, údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, comhpháirtithe sóisialta agus na sochaí sibhialta é fíorú an Cholúin.
Léigh an leagan soléite den 20 prionsabal.
1. Oideachas, oiliúint agus foghlaim ar feadh an tsaoil
Tá an ceart ag cách ar oideachas, oiliúint agus foghlaim ar feadh an tsaoil ionchuimsitheach agus ar ardchaighdeán chun na scileanna atá acu a choinneáil agus chun scileanna nua a fháil a chuirfidh ar a gcumas bheith rannpháirteach go hiomlán sa tsochaí agus athruithe ó phost go post sa mhargadh saothair a bhainistiú go rathúil.
Gníomhaíocht ghaolmhar an Choimisiúin:
- Clár Oibre Scileanna don Eoraip
- Moladh ón gComhairle maidir leis an nGairmoideachas agus an Ghairmoiliúint
- An Comhshocrú um Scileanna
- Limistéar Eorpach Oideachais
- An Plean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach (2021-2027)
- Cuntais Foghlama Aonair agus Creat Micridhintiúr
- An pacáiste scileanna agus tallann
2. Comhionannas Inscne
Ní mór deimhin a dhéanamh de go gcaitear go comhionann le mná agus le fir agus go mbeidh comhdheiseanna acu agus an méid sin a chothú i ngach réimse, lena n-áirítear rannpháirteachas sa mhargadh saothair, téarmaí agus coinníollacha fostaíochta agus dul chun cinn sa ghairmréim.
Tá an ceart ag mná agus fir ar phá comhionann a fháil as obair ar luach comhionann.
Gníomhaíocht ghaolmhar an Choimisiúin:
3. Comhdheiseanna
Beag beann ar inscne, bunadh ciníoch nó eitneach, reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó gnéaschlaonadh, tá an ceart ag cách ar chóir chomhionann agus ar chomhdheiseanna i ndáil leis an bhfostaíocht, cosaint shóisialta, an t-oideachas agus rochtain ar earraí agus seirbhísí a chuirtear ar fáil don phobal. Cothófar comhdheiseanna do na ngrúpaí a bhfuil gannionadaíocht acu.
Gníomhaíocht ghaolmhar an Choimisiúin:
- Plean gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh maidir le frithchiníochais 2020-2025
- Creat Straitéiseach an Aontais maidir le Comhionannas, Ionchuimsiú agus Rannpháirtíocht na Romach
- Moladh ón gComhairle maidir le Comhionannas, Ionchuimsiú agus Rannpháirtíocht na Romach
- An Plean Gníomhaíochta maidir le Lánpháirtiú agus Ionchuimsiú
- Straitéis maidir le Comhionannas LADTIA
4. Tacaíocht ghníomhach don fhostaíocht
Tá an ceart ag cách ar chúnamh tráthúil saincheaptha chun deiseanna ionchasacha fostaíochta nó féinfhostaíochta a fheabhsú. Cuimsíonn sin an ceart chun tacaíocht a fháil don chuardach fostaíochta, don oiliúint agus chun cáilíochtaí nua a bhaint amach. Tá an ceart ag cách teidlíochtaí cosanta sóisialta agus teidlíochtaí oiliúna a aistriú agus agus iad a aistriú ó phost amháin go post eile.
Tá an ceart ag daoine óg ar oideachas leanúnach, printíseacht, tréimhse oiliúna nó tairiscint fhiúntach poist a fháil faoi cheann 4 mhí ó bheith dífhostaithe nó ón oideachas a fhágáil.
Tá an ceart ag daoine atá dífhostaithe tacaíocht phearsanaithe leanúnach chomhsheasmhach a fháil. Tá an ceart ag daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach measúnú pearsanta mionsonraithe a fháil faoi cheann 18 mí ar a mhéad ó bheith dífhostaithe.
Gníomhaíocht ghaolmhar an Choimisiúin:
5. Fostaíocht shlán inoiriúnaithe
Beag beann ar an gcineál caidrimh fostaíochta atá acu agus ar an bhfad atá an caidreamh sin ar bun, tá an ceart ag oibrithe cóir chothrom chomhionann a fháil i dtaca le dálaí oibre, rochtain ar chosaint shóisialta agus oiliúint. Cothófar athrú de réir a chéile i dtreo cineálacha fostaíochta nach bhfuil dáta deiridh luaite leo.
I gcomhréir leis an reachtaíocht agus le comhaontuithe comhchoiteanna, déanfar deimhin de go mbeidh an tsolúbthacht is gá ag fostóirí chun dul in oiriúint go tapa d'athruithe sa chomhthéacs eacnamaíoch.
Cothófar cineálacha nuálacha oibre faoina ndéantar dálaí oibre d'ardchaighdeán a chinntiú. Déanfar an fhiontraíocht agus an fhéinfhostaíocht a spreagadh. Déanfar soghluaisteacht sa ghairm bheatha a éascú.
Cuirfear cosc ar aon chaidreamh fostaíochta a mbeidh dálaí oibre forbhásacha mar thoradh leis, lena n-áirítear trí chosc a chur le mí-úsáid conarthaí neamhghnácha. Is tréimhse réasúnta a bheidh sna tréimhsí promhaidh.
Gníomhaíocht ghaolmhar an Choimisiúin:
6. Tuarastal
Tá an ceart ag oibrithe pá cothrom a fháil a fhágann gur féidir leo caighdeán maith maireachtála a bheith acu.
Déanfar íosphá leordhóthanach a chinntiú, ar bhealach a fhágann go ndéanfar riachtanais an oibrí agus a theaghlaigh a shásamh i bhfianaise dálaí náisiúnta eacnamaíocha agus sóisialta, agus cosnófar rochtain ar fhostaíocht agus dreasachtaí chun obair a lorg ag an am céanna. Cuirfear cosc ar an mbochtaineacht ina measc siúd atá ag obair.
Socrófar gach tuarastal ar bhealach trédhearcach intuartha i gcomhréir leis na cleachtais náisiúnta, agus déanfar neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta a urramú.
Gníomhaíocht ghaolmhar an Choimisiúin:
7. Eolas faoi choinníollacha fostaíochta agus cosaint i gcás dífhostaithe
Tá an ceart ag oibrithe eolas a fháil i scríbhinn ag tús na tréimhse fosaíochta faoi na cearta agus faoi na hoibleagáidí atá acu faoin gcaidreamh fostaíochta, lena n-áirítear sa tréimhse phromhaidh.
Sula ndéanfar oibrithe a dhífhostú, tá an ceart acu eolas a fháil faoi na cúiseanna atá leis agus tréimhse fógra réasúnta a bheith tugtha dóibh. Tá an ceart acu rochtain a fháil ar phróiseas réitigh díospóidí éifeachtach neamhchlaonta agus, i gcás dífhostú gan údar maith, tá an ceart acu ar shásamh, lena n-áirítear cúiteamh leordhóthanach.
8. Idirphlé sóisialta agus rannpháirtíocht oibrithe
Rachfar i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta maidir le beartais eacnamaíocha, fostaíochta agus shóisialta a dhearadh agus a chur chun feidhme, i gcomhréir leis na cleachtais náisiúnta. Tabharfar spreagadh dóibh comhaontuithe coiteanna a chaibidliú agus a chur i gcrích ar chúrsaí atá ábhartha dóibh, ach déanfar a neamhspleáchas agus an ceart atá acu gníomhaíocht choiteann a dhéanamh a urramú ag an am céanna. Nuair is iomchuí, cuirfear comhaontuithe a cuireadh i gcrích idir na comhpháirtithe sóisialta chun feidhme ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát.
Tá an ceart ag oibrithe nó ag a n-ionadaithe eolas a fháil agus go rachfaí i gcomhairle leo go tráthúil ar chúrsaí atá ábhartha dóibh, go háirithe maidir le gnóthais a aistriú, a athstruchtúrú nó a chumaisc agus maidir le comhiomarcaíochtaí.
Tabharfar tacaíocht do na comhpháirtithe sóisialta páirt níos mó a ghlacadh i gcur chun cinn an idirphlé shóisialta.
Gníomhaíocht ghaolmhar an Choimisiúin:
- Teachtaireacht agus Moladh ón gComhairle maidir leis an idirphlé sóisialta a neartú
- Tionscnamh maidir le cómhargáil do dhaoine féinfhostaithe
9. Cothromaíocht oibre is saoil
Tá an ceart ag tuismitheoirí agus ag daoine a bhfuil freagrachtaí cúraim orthu ar laethanta saoire oiriúnacha, ar shocruithe oibre solúbtha agus ar rochtain ar sheirbhísí cúraim. Beidh comhrochtain ag mná agus fir ar laethanta saoire speisialta chun na freagrachtaí cúraim atá orthu a chomhlíonadh agus spreagfar iad chun úsáid a bhaint astu ar bhealach cothromaithe.
Gníomhaíocht ghaolmhar an Choimisiúin:
10. Timpeallacht oibre shláintiúil shábháilte atá curtha in oiriúint i gceart don oibrí agus cosaint sonraí
Tá an ceart ag oibrithe leibhéal ard cosanta ar a sláinte agus ar a sábháilteacht a fháil san obair.
Tá an ceart ag oibrithe timpeallacht oibre a bheith acu atá curtha in oiriúint dá riachtanais ghairmiúla agus a chuireann ar a gcumas fad a chur lena rannpháirtíocht i margadh an tsaothair.
Tá an ceart ag oibrithe go gcosnófaí a gcuid sonraí pearsanta i gcomhthéacs na fostaíochta.
Gníomhaíocht ghaolmhar an Choimisiúin:
11. Cúram leanaí agus tacaíocht do leanaí
Tá an ceart ag leanaí oideachas agus cúram luath-óige inacmhainne ar ardchaighdeán a fháil.
Tá an ceart ag leanaí cosaint a fháil ar an mbochtaineacht. Tá leanaí ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste i dteideal bearta sainiúla chun comhdheiseanna a fheabhsú.
Gníomhaíocht ghaolmhar an Choimisiúin:
- Straitéis an Aontais maidir le Cearta an Linbh
- An Ráthaíocht Eorpach do Leanaí
- Leasú ar spriocanna Barcelona
12. Coimirce shóisialta
Beag beann ar an gcineál caidrimh fostaíochta atá acu agus ar an bhfad atá an caidreamh sin ar bun, tá an ceart ag oibrithe agus, faoi dhálaí inchomparáide, ag daoine féinfhostaithe, ar chosaint shóisialta leordhóthanach.
Gníomhaíocht ghaolmhar an Choimisiúin:
- Moladh ón gComhairle maidir le rochtain ar an gcosaint shóisialta
- Teachtaireacht maidir le hObair Chuibhiúil ar fud an Domhain
- Tuarascáil ar chur chun feidhme na Treorach maidir le hAm Oibre
- Treoraíocht maidir le measúnuithe tionchair dáileacháin ex-ante
13. Sochair dhífhostaíochta
Tá an ceart ag daoine dífhostaithe tacaíocht ghníomhachtúcháin leordhóthanach a fháil ó sheirbhísí fostaíochta poiblí chun iad a (ath)lánpháirtiú i margadh an tsaothair agus sochair leordhóthanacha dhífhostaíochta a fháil ar feadh tréimhse réasúnta, i gcomhréir leis na ranníocaíochtaí atá déanta acu agus le rialacha náisiúnta maidir le hincháilitheacht. Ní fheidhmeoidh sochair den sórt sin mar dhídhreasacht i dtaca le filleadh go tapa ar an obair.
Gníomhaíocht ghaolmhar an Choimisiúin:
14. Íosioncam
Tá an ceart ag cách nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu féin ar shochair leordhóthanacha ioncaim íosta a dhéanfaidh deimhin de go mbeidh dínit acu ag gach céim den saol, agus ar rochtain éifeachtach ar earraí agus ar sheirbhísí cumasúcháin. I gcás na ndaoine siúd atá in ann obair a dhéanamh, ba cheart sochair ioncaim íosta a chomhcheangal le dreasachtaí chun dul isteach sa mhargadh saothair, nó chun filleadh air.
Gníomhaíocht ghaolmhar an Choimisiúin:
15. Ioncam seanaoise agus pinsin
Tá an ceart ag oibrithe agus daoine féinfhostaithe atá ar scor pinsean a fháil atá i gcomhréir leis na ranníocaíochtaí atá déanta acu agus a chinntíonn ioncam leordhóthanach dóibh. Beidh comhdheiseanna ag mná agus ag fir cearta pinsin a fháil.
Tá an ceart ag cách atá ag dul anonn in aois acmhainní a fháil a chinntíonn gur féidir leo saol faoi dhínit a chaitheamh.
Gníomhaíocht ghaolmhar an Choimisiúin:
16. Cúram sláinte
Tá an ceart ag cách rochtain thráthúil a fháil ar chúram sláinte coisctheach leigheasach inacmhainne ar ardchaighdeán.
Gníomhaíocht ghaolmhar an Choimisiúin:
17. Daoine faoi mhíchumas a chuimsiú
Tá an ceart ag daoine faoi mhíchumas ar thacaíocht ioncaim a chinntíonn gur féidir leo saol faoi dhínit a chaitheamh, ar sheirbhísí a chuireann ar a gcumas a bheith rannpháirteach sa mhargadh saothair agus sa tsochaí, agus ar thimpeallacht oibre atá curtha in oiriúint dá gcuid riachtanais.
Gníomhaíocht ghaolmhar an Choimisiúin:
18. Cúram fadtéarmach
Tá an ceart ag cách ar sheirbhísí cúraim fhadtéarmaigh inacmhainne ar ardchaighdeán, go háirithe cúram sa bhaile agus seirbhísí pobalbhunaithe.
Gníomhaíocht ghaolmhar an Choimisiúin:
19. Tithíocht agus cúnamh do dhaoine gan dídean
- Déanfar rochtain ar thithíocht shóisialta nó cúnamh tithíochta ar dhea-chaighdeán a sholáthar dóibh siúd atá i ngátar.
- Tá an ceart ag daoine leochaileacha ar chúnamh agus ar chosaint oiriúnach i gcoinne díshealbhú éigeantach.
- Cuirfear dídean agus seirbhísí leordhóthanacha ar fáil do dhaoine gan dídean chun cuidiú lena gcuimsiú sa tsochaí.
Gníomhaíocht ghaolmhar an Choimisiúin:
20. Rochtain ar sheirbhísí riachtanacha
Tá an ceart ag cách ar sheirbhísí bunriachtanacha ar dhea-chaighdeán; cuimsíonn sin seirbhísí uisce, sláintíochta, fuinnimh, iompair, airgeadais agus cumarsáide digití. Cuirfear tacaíocht don rochtain ar sheirbhísí den sórt sin ar fail dóibh siúd atá ina ngátar.