This site has been archived on 01/01/2014
01/01/2014

Cosán nascleanúna

An Creatchlár um Iomaíochas agus Nuálaíocht (CIP)

Féach romhat: An Clár um Chumas Iomaíochta na bhFiontar agus na FBManna (COSME) 2014-2020

Dírithe go príomha ar ghnóthais bheaga agus mheánmhéide (GBM), tacaíonn an Creatchlár um Iomaíochas agus Nuálaíocht (CIP) le gníomhaíochtaí nuálaíochta (éicea-nuálaíocht san áireamh), soláthraíonn sé rochtain níos fearr ar airgeadas agus cuireann sé seirbhísí tacaíochta gnó ar fáil sna réigiúin.

Spreagann sé daoine breise chun teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide (TFC) a fháil agus úsáid a bhaint astu agus cabhraíonn sé leis an tsochaí faisnéise a fhorbairt.

Cuireann sé úsáid mhéadaithe fuinneamh in-athnuaithe chun cinn freisin, chomh maith leis an éifeachtach fuinnimh.

Cuireadh tús leis an CIP i 2007 agus cuirfear deireadh leis i 2013. Is é € 3621 mhilliún a bhuiséad iomlán.

Tá an CIP roinnte i dtrí chlár oibriúcháin.

Tá a chuspóirí féin ag gach clár, atá mar aidhm acu cur le hiomaíochas na ngnóthas agus lena gcumas nuálach ina réimsí féin, ar nós TFC nó fuinnimh in-athnuaithe:

  • An Clár um Fhiontraíocht agus Nuálaíocht (EIP)
  • An Clár Tacaíochta um Bheartas Teicneolaíochtaí Faisnéise agus Cumarsáide (ICT-PSP)
  • An Clár Eorpach um Stuamacht Fuinnimh (IEE)
  • Clár Fiontraíochta agus Nuálaíochta - © fotoliaClár Fiontraíochta agus NuálaíochtaDeutsch (de)English (en)français (fr)
  • Clár Tacaíochta um Bheartas TFC - © fotoliaClár Tacaíochta um Bheartas TFCDeutsch (de)English (en)français (fr)
  • Clár Eorpach um Stuamacht FuinnimhClár Eorpach um Stuamacht FuinnimhDeutsch (de)English (en)français (fr)
Nuashonrú is déanaí: 03/09/2015 | Barr