Go comhthreomhar leis an gcomhdháil bhliantúil Lá Eorpach na Mara (ar siúl i mbliana in Den Helder na Ísiltíre, an 20&an21Bealtaine2021), eagraítear sraith imeachtaí gaolmhara go háitiúil ar fud na hEorpa, le dul i gcion ar dhaoine óga agus ar shaoránaigh faoin lipéad ‘Lá Eorpach na Mara i mo Thír féin’.
Is cuid thábhachtach é Lá Eorpach na Mara i mo Thír féin den sruth feasachta agus gníomhaíochais ar son an aigéin atá ag méadú go seasta le blianta beaga anuas, agus tá níos mó tóra ag teacht ar na himeachtaí faoina bhranda, ag mealladh níos mó ná 30,000 rannpháirtí gach bliain. Bíonn gníomhaíochtaí áitiúla amhail glantachán tránna, turais threoraithe ar chalafoirt, taispeántais ealaíne, ceardlanna, comhdhálacha, seimineáir, taispeántais ar théamaí muirí, gníomhaíochtaí um thuiscint ar na haigéin, éicea‑thurais agus siúlóidí i limistéir ina bhfuil oidhreacht shuntasach mhuirí, turais bháid, cuairteanna ar mhúsaeim mhuirí, longa, uisceadáin, longchlóis etc. agus iad uile dírithe ar phobal leathan ar fud na hEorpa, agus gné ‘spraoi agus spórt’ a mbeidh tóir ar phobal níos óige ag baint leo. Cuireann na gníomhaíochtaí sin ar chumas go leor de réigiúin na hEorpa ina bhfuil cultúr muirí páirt a ghlacadh sa cheiliúradh agus aird a tharraingt ar ról riachtanach na bhfarraigí agus na n‑aigéan le haghaidh sochaithe áitiúla.
Ós rud é nach bhfuil géarchéim COVID‑19 thart go fóill, cuimsítear i Lá Eorpach na Mara i mo Thír féin i mbliana imeachtaí fíorúla agus, nuair is féidir, imeachtaí fisiceacha a bheidh ann in2021.
Tugtar forbhreathnú sa léarscáil seo ar na 232imeacht áitiúla de chuid Lá Eorpach na Mara i mo Thír féin2021 i25 thír éagsúla (21bhallstát den Aontas agus 4thír nach ballstáit den Aontas iad). Baineann go leor den lucht eagraithe leas as a gcuid imeachtaí freisin chun Atlas Eorpach na bhFarraigí a thaispeáint do scoláirí agus do dhaltaí ar fud an Aontais Eorpaigh!
Chun an léarscáil seo a dhéanamh níos uathúla fós, tá rud éigin speisialta curtha i bhfolach againn inti. Bí inár dteannta sa cheiliúradh, déan scrúdú ar an léarscáil, agus féach leis an tóraíocht taisce le haghaidh
Lá Eorpach na Mara i mo thír féin 2021 a réiteach.